Siopaí sa cheantair i nGort an Choirce, bhí Ostán Mhic Pháidín ansin, bhí siopa agus teach leanna acu fosta. Bhí siopa beag eile san áit fosta, le Biddy Carr é agus bhí garáiste ag a fear céile, Joe. Rothair is mó a bhíodh le cóiriú aige, ní raibh mórán carranna sa cheantar san am. Bhí ceann ag Joe é féin, ag an sagart paróiste agus ceann eile ag fear an óstáin. Bhí carr eile ag an doctúir ar an Fhál Carrach.